Bradley welcomes increase in number of Irish speakers | Latest Newry News, Newry Sport and Newry Business for Newry City

Bradley welcomes increase in number of Irish speakers

By Dominic Bradley:
I ráiteas a d’éisigh se le deanaí tá failte curtha ag an comhaltaí tionóil Dominic Ó Brolcháin, urlabhraí an SDLP ar an Ghaeilge, roimh an ardú de 7.1% ar líon na ndaoine a chur in iúl go raibh cumas acu Gaeilge a labhairt, idir daonáireamh 2006 agus daonáireamh 2011 sa Deisceart. In iomlán 1.77 milliún duine a chur in iúl go raibh siad inniúil sa teanga. Arsa an Brolchánach,’

‘Is cúis mhór áthais domsa an méadú seo i líon na gcainteoirí Gaeilge sa Deisceart a fheiceail agus táim cinnte de go bhfeicfear ardú suntasach i líon na nGaeilgeoirí sa Tuaisceart anseo nuair a bheas torthaí an daoináirimh ar fail sár i bhfad. Agus cé go bhfuil dul chun déanta ní féidir linn luí siar ar na maidí rámha má tá an spriocanna an Straitéis 20 Bliain le baint amach faoin blhiain 2030.

‘Níl an scéal móran níos fearr anseo sa Tuaisceart. Cuirim fáilte romh an scéim ‘Líofa’ ach dáiríre péire níl ann ach sop in áit na scuaibe nuair nach bhfuil aon dul chun cinn suntasach déanta ó thaobh Acht na Gaeilge nó an Straitéis fein anseo sa Tuaisceart. Bhí go leor den cur i gcéill ann go dtí seo, anois an t-am le haghaidh beart de réir a briathair ón Aire anseo sa Tuaisceart.

Short URL: https://newrytimes.com/?p=10406

Posted by on Apr 8 2012. Filed under Community. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

Leave a Reply







Find us on Facebook

Log in | Designed by Gabfire themes