Bilingual hillwalking weekend in Carlingford
Armagh-based Irish language organisation, Cairde Teo, are organising a hillwalking weekend in Carlingford, County Louth, as part of Seachtain na Gaeilge on Saturday 2nd March and Sunday 3rd March.
There will be a hillwalk on Slieve Foy at 12 noon on Saturday under the guidance of experienced local hillwalker John Bruen. The group will be staying in Carlingford that night and will be meeting up with Ciorcal Comhrá Ó Méith for a night of craic, conversation and music in Carlingford.
On Sunday, there will be a history walk around Carlingford led by the members of Ciorcal Comhrá Ó Méith. The weekend is already proving popular but there are still a couple of places left for anyone interested in the Irish language and in hillwalking.
If you would like to book accommodation for the night or if you would like to join either of the walks which start at 12 noon, contact Seán on 028 3751 5229 or sean@cairdeteo.com
Beidh Cairde Teo, an eagraíocht Ghaeilge in Ard Mhacha, ag reáchtáil deireadh seachtaine cnocadóireachta i gCairlinn, Contae Lú, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge Dé Sathairn 2 Márta agus Dé Domhnaigh 3 Márta. Beidh siúlóid ann ar Shliabh Feá faoi stiúr John Bruen, fear de bhunadh na háite a bhfuil an-taithí aige ar Chnoic Cuaille.
Beidh an grúpa ag fanacht thar oíche in Ionad Shliabh Feá agus beidh muid ag bualadh le Ciorcal Comhrá Ó Méith le hoíche comhluadair, comhrá agus craice i gCairlinn. Ar an Domhnach, beidh siúlóid thart ar bhaile Cairlinn i gcomhar le Ciorcal Comhrá Ó Méith le foghlaim faoi stair an bhaile agus an cheantair máguaird.
Tá an-ráchairt ar an deireadh seachtaine cheana féin ach tá cúpla spás fágtha do dhuine ar bith ar spéis leo an chnocadóireacht agus an Ghaeilge a chleachtadh. Más mian leat áit a chur in áirithe don lóistín nó más mian leat bheith ar na siúlóid a thosaíonn ar 12 nóin achan lá, déan teagmháil le Seán ar 028 3751 5229 nó sean@cairdeteo.com.
Short URL: https://newrytimes.com/?p=28705