Bradley congratulates RnaG on 40th Anniversary | Latest Newry News, Newry Sport and Newry Business for Newry City

Bradley congratulates RnaG on 40th Anniversary

Tá teachtaireacht comhghairdis seolta ag an Ball Tionóil Doiminic Ó Brolcháin chuig Raidió na Gaeltachta i ndiaidh don stáisiún a 40ú Bliain ar an aer a shroicint.  Agus é ag labhairt ar an Chlár Athmhaidin bhí an méid seo le rá ag an Bhrolchánach,

‘Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le foireann RnaG agus gach duine a raibh baint aige ó bunaíodh an stáisiún as 40 bliain craoltóireachta a bhaint amach.  Thug RnaG guth do phobal na Gaeltachta agus dá chultúr nuair nach raibh gléas oifigiúil craoltóireachta rialta ann dóibh.  Níos faide anonn ina shaol thug an stáisiún guth don Ghaeilge ar fud na tíre, agus anois le teacht an idirlín, ar fud an domhain.

‘Traoslaim a gcuid oibre le gach a raibh baint acu leis an stáisiún ó bunaíodh é ach go háirithe le ceannasaí reatha an stáisiún Edel Ní Churrraoin.  Ba mhór an gaol a bhí ag an stáisiún leis na Sé Chontae thar na blianta go dtí an lá inniu agus bhí na craoltóirí i gcónaí thar a bheith sásta teacht anseo agus cláracha a dhéanamh faoi shaol na ndaoine abhus, agus leoga is iomaí clár iontach a rinne siad. Thug na cláracha sin misneach do phobal na Gaeilge anseo agus beidh muid de shíor faoi chomaoin ag an stáisiún dá thairbhe.

‘Guím gach rath ar Raidió na Gaeltachta sna blianta atá amach roimhe agus is connte go mbeidh an stáisiún chun tosaigh i gcúrsái craolacháin Gaeilge ar feadh 40 bliain eile ar a laghad.’

Short URL: https://newrytimes.com/?p=11059

Posted by on Apr 14 2012. Filed under Community. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

Leave a Reply







Find us on Facebook

Log in | Designed by Gabfire themes